18 Dá réir sin déanann sé trócaire ar an duine is rogha leis agus cruann sé an croí ina rogha duine chomh maith.
19 Déarfaidh tú liom, ní foláir: “Cad é an gearán atá aige ar dhaoine, más ea, mar cé a fhéadfaidh cur in aghaidh a thola?”
20 Airiú, cé hé tusa, a dhuine, le bheith tagarthach le Dia? An ndéarfaidh an pota leis an bpotadóir: “Cad ab áil leat mé a dhéanamh mar seo?”
21 An amhlaidh nach bhfuil d'údarás ag an gcriadóir ar an gcré áras chun onóra agus áras chun neamhonóra a dhéanamh den chnapán céanna?
22 Agus, nuair ab áil le Dia a chuid feirge a thaispeáint agus a chuid cumhachta a léiriú, má chuir sé suas go fada foighneach leis na hárais a bhí ina ndíol feirge agus iad ar bhealach a mbasctha,
23 d'fhonn saibhreas a ghlóire a léiriú do na hárais a bhí ina ndíol trócaire agus a bhí ullamh ó thús aige le haghaidh na glóire sin?
24 Mar is sinne a ghlaoigh sé ní as measc na nGiúdach amháin ach as measc na ngintlithe chomh maith.