20 Airiú, cé hé tusa, a dhuine, le bheith tagarthach le Dia? An ndéarfaidh an pota leis an bpotadóir: “Cad ab áil leat mé a dhéanamh mar seo?”
21 An amhlaidh nach bhfuil d'údarás ag an gcriadóir ar an gcré áras chun onóra agus áras chun neamhonóra a dhéanamh den chnapán céanna?
22 Agus, nuair ab áil le Dia a chuid feirge a thaispeáint agus a chuid cumhachta a léiriú, má chuir sé suas go fada foighneach leis na hárais a bhí ina ndíol feirge agus iad ar bhealach a mbasctha,
23 d'fhonn saibhreas a ghlóire a léiriú do na hárais a bhí ina ndíol trócaire agus a bhí ullamh ó thús aige le haghaidh na glóire sin?
24 Mar is sinne a ghlaoigh sé ní as measc na nGiúdach amháin ach as measc na ngintlithe chomh maith.
25 Mar a deir sé i Leabhar Hóisé:“Glaofaidh mé ‘mo phobal féin’ ar phobal nach liom,Agus ‘mo mhuirnín’ uirthi siúd nach muirneach liom,
26 Agus san áit a ndúradh leo: Ní aon phobal liomsa sibh,Glaofar clann Dé bheo orthu ansiúd.”