24 Mar is sinne a ghlaoigh sé ní as measc na nGiúdach amháin ach as measc na ngintlithe chomh maith.
25 Mar a deir sé i Leabhar Hóisé:“Glaofaidh mé ‘mo phobal féin’ ar phobal nach liom,Agus ‘mo mhuirnín’ uirthi siúd nach muirneach liom,
26 Agus san áit a ndúradh leo: Ní aon phobal liomsa sibh,Glaofar clann Dé bheo orthu ansiúd.”
27 Agus fógraíonn Íseáia faoi Iosrael: “Bíodh clann Iosrael chomh líonmhar le gaineamh na trá, ní shlánófar ach a bhfuíoll,
28 mar go nglanfaidh an Tiarna an scór leis an tír go hachomair agus go cinnte.”
29 Agus mar a thairngir Íseáia: “Ach gur fhág Tiarna na slua sliocht againn bheimis ar nós Shodom agus ar chuma Ghomorá.”
30 Cad a déarfaimid mar sin? An méid seo: na gintlithe nach raibh aon tóir ar fhíréantacht acu, bhain siad amach í, an fhíréantacht a thagann ó chreideamh.