8 Is é sin le rá, ní hiad clann na feola atá ina gclann Dé; ní áirítear ina shliocht dó ach an chlann a rugadh de réir an ghealltanais.
9 Mar is iad seo focail an ghealltanais: “Tiocfaidh mé um an dtaca seo arís agus beidh mac ag Sárá.”
10 Agus ní hé sin amháin é ach i gcás Ribeacá freisin: ghabh sise clann ó aon fhear amháin, ónár sinsear Íosác,
11 ach sular rugadh iad agus sula raibh aon ní olc maith déanta fós acu,
12 dúradh léi: “Beidh an sinsear ag seirbhís don sóisear,” ionas go mbeadh beartas roghnaithe Dé buan agus nach ag brath ar ghníomhartha daoine a bheadh sé ach ar an té a ghlaonn,
13 de réir mar atá scríofa: “Thugas grá do Iacób, agus fuath d'Éasau.”
14 Cad a déarfaimid mar sin? Go bhfuil éagóir ag baint le Dia, an ea?