13 An bhfuil Críosd ar na roinn? an é Pól do céusadh ar bhur son? nó ann a nainm Phóil do baisdeadh sibh?
14 Beirim a bhuidhe ré Día nár bháisd mé áoinneach agaibh, achd Crispus agus Gaius;
15 Deagla go naibeóradh éainneach gur a mainm féin do bhaisd mé.
16 Gidheadh fós do bhaisd mé muinntir Steapháin: ós a chionn sin, ní feasach dhamh gur bhaisd mé áoinneach eile.
17 Oir ní chum baisdigh do dhéunamh do chuir Chríosd mé, achd chum an tsoisgéil do sheanmórughadh: ní re gliocas briathar, deagla croichthe Chríosd do chur a neimhbhrígh.
18 Oir as amadanachd don dreim théid a múgha bríathar na croichthe; achd dhúinne atá air ar slanúghadh as é cúmhachda Dé é.
19 Oír atá sgríobhtha, Sgriosfaidh mé eagna na ndáoineadh eagnaighe, agus cuirfidh mé ar gcúl tuigse na ndáoineadh dtuigsionach.