1 Go madh hamhluidh mheasfus duine sinne, mar mhinisdridh Chríosd, agus mar fheadhmantachaibh rúindíamhradh Dé.
2 Tuilleadh eile íarrthar ar na feadhmantachaibh, go bhfuighthidh neach díleas.
3 Ar mo shonsa is ro bheag mo shuim a mbreitheamhnus do dhéunamh dháoibhsé oram, ná fós a mbreitheamhnus dáonna: achd fós, ní bheirim breath oram féin.
4 Oír ní feasach dhamh ní ar bith dhom tháobh féin; gidheadh ní sháorann sin mé: achd a sé an Tighearna an tí is breitheamh oram.
5 Uime sin ná beiridh breith ar áoinní roimh a nam, nó go dtíg an Tighearna, noch fhoillseóchas neithe folaigheacha an dorchadais, agus nochdfus rún na gcroidheadh: agus ann sin do ghéubhaidh gach áon moladh ó Dhía.
6 Agus a dhearbhraithreacha, do tharruing mé na neithesi chugun féin, agus chum Apollos a bhfioghair ar bhur sonsa; chum sibhse dá bhfoghluim uáinn gan bheith dháoibh ní sa glioca ná mar atá sgriobhtha, gan neach aguibh do bheith a naghaidh a chéile ar na shéideadh.
7 Oír cía chuireas ar leith thusa? agus créud atá agad nach bhfuáir tú? agus má fuáir tú é, créd fá ndéanann tú glóir as, mar nach glacta é?
8 Atá sibh a nois sáitheach, atá sibh a nois ar bhur ndéunamh sáidhbhir, do ghnodhaigheabhair rioghachd ionar bhféugmhaisne: agus do bfearr leam go bhfaghadh sibh rioghachd, ionnus go mbeidhmísne fós ar rióghaibh maille ribh.
9 Oír méasuím gur chuir Día inne na habsdail dheireannacha amach, mar dhruing atá ar na dteilgean chum báis: óir do rinneadh sgáthán dhinn don tsaóghal, agus dainglibh, agus do dháoinibh.
10 As amadáin sinne ar son Chríosd, achd atá sibhse glic a Gcríosd, atamáoidne éugcruáidh, achd atá sibhse láidir, atá sibhse ag fagháil onóra, agus sinne ag fagháil easonórá.
11 Gus a namsa féin atámáoid ag fagháil ocaruis, agus iótan, agus atámáoid lomnochdaigh, agus gabhthar do dhornaibh orainn, agus ní bhfuil ionad comhnuidhe ar bith áirighe aguinn;
12 Agus atámáoid ag fágháil sháothair, ag déunmah oibre ría ar lámhuibh féin: an tan mhallaighthear sinn, do bheirmíd ar mbeannachd úainn; an tan ghérléantar sinn, do bheirmid fulang uáinn:
13 An tan mhaslaighthear sinn, níomáoid úrnaighe: atamáoid air ar ndéunamh mar shalchar an domhain, mar sgim na nuile neitheann gus a niugh.
14 Ní chum sibhse do náiriughadh sgríobhuim na neithesi, achd mar mo chloinn ionmhuin theagusgim sibh.
15 Oir biodh go bhfuil deich mile do luchd teaguisg agaibh a Gcríosd, ní híomdha fós bhur naithre: oír is misi do ghin sibh a Níosa Críosd trés an tsoisgéul.
16 Uime sin íarruim dathchuinge oraibh, mo lorg féin do leanmhuin.
17 As chuige so do chuir mé Timoteus chugaibh, atá na mhac ghrádhach agum, agus díleas sa Dtighearna, noch chuirfeas a gcuimhne dhíbh mo shlighesi a Gcríosd, do réir mar theaguisgim sna huile eagluisibh an gach éaináit.
18 Achd mar nach dtiocfuinn ní sa mhó chugaibh, atá dream aguibh ar nat súas.
19 Gidheadh do thoil an Tighearna, tiocfuidh mé chugaibh go haithghearr, agus aitheónuidh mé, ni híad bríathra na druinge sin atá ar nat súas, achd a gcúmhachda.
20 Oír ní a mbríathraibh atá rioghachd Dé, achd a gcúmhachdaibh.
21 Créud is áill libh? an lé sgíursa thiucfas mé chugaibh, no ré gradh, agus ré spioraid cheannsachda?