1 Tuilleadh eile a dtáobh ná neitheann do sgríobh sibh chugam: is maith dfear gan buáin ré mnáoi.
2 Gidheadh, do sheachna sdríopachais, bíodh a bhean féin ag gach áoinneach, agus a fear féin ag gach éunmhnáoi.
3 Tugadh an fear a dúalgus féin don mhnáoi: agus an bhean don fhior mar an gcéudna.
4 Ní ag an mnáoi atá cumus a cuirp féin, achd ag an bhfear: agus ní ag an bhfear atá cúmus a chuirp féin mar an gcéudna, achd ag an mnáoi.
5 Ná meallaidh a chéile, achd amháin do thoil a chéile air feadh tamuill, chum sibh féin do thabhairt do throsgadh agus dúrnaighe; agus a rís taguidh a gceann a chéile, deagla go gcuirfeadh Satán cathughadh oraibh tre bhur neamhgheanmnuidheachd.
6 Achd is mar chomhairle a deirim so ribh, agus ní mar áithne.
7 Oír do bfearr leam go mbíadh na huile dháoine mar mé féin. Gidheadh atá a thiodhlacadh féin ag gach éunduine ó Dhía, ag neach mar so, agus ag neach eile mar súd.
8 Uime sin a deirim ris an druing nach bhfuil pósda, agus ris na baintreabhachaibh, Gur maith dhóibh má fhanuid síad mar fhanuimse.
9 Gidheadh muna féidir ríu íad féin do chongmháil geanmnuidh, pósadh síad: óir as fearr pósadh ná bheith ar lasadh.
10 Achd áithnighim don druing atá pósda, bíodh nach misi, achd an Tighearna, Gan an bhean do dhealughadh ré na fear.
11 Achd má dhealuigheann sí ris fhanadh sí gan phósadh, nó bíodh sí réidh ré na fear: agus ná ligeadh an fear a bhean.
12 Achd a deirimsi re cách, agus ní he an Tighearna: Dá raibh nean gan chreideamh ag dearbhráthair ar bith, agus go dtig a háonta ar fhuireach na fhochair, ná cúireadh úadh í.
13 Agus an bhean agá bhfuil fear gan chreideamh, agus go dtig a áonta ar fhuireach na fochair, na cuireadh sise uáithe é.
14 Oír atá an fear gan chreideamh, ar na náomhadh sa mnáoi, agus atá an bhean gan chreideamh ar na náomhadh san bhfear: nó do bhíadh gan amharus bhur gclannsa neamhghlan: achd a nois atáid síad náomhtha.
15 Gidheadh dá ndealuighe an duine gan chreideamh é féin, bíodh sé dealuighthe. Ní bhfuil dearbhráthair, nó deirbhshíur fá dháoirse ann a leíthid so do chás: achd is chum siothchána do ghoir Día sinn.
16 Oír gá fios duit, a bhean, nach sláinneochthá an fear? nó gá fios duit, a fhir, nach slainneochtha an bhean?
17 Achd do réir mar do roinn Día a thiodhlaice ré gach éunduine, do réir na gárma tug an Tighearna dá gach áon, go madh hamhluidh sin shiubhalfus sé. Agus is mar sin órduighimse sna huile eagluisibh.
18 An bhfuil éinneach ar na ghairm ar mbeith dhó timchillghéarrtha: ná híarradh sé a bheith neimhthimchillghearrtha. An bhfuil éinneach ar na ghairm gan bheith dhó timchillghéarrtha: na timchillghearrthar é.
19 Ní bhfuil éifeachd sa timchillghearradh, agus ní fhuil éifeachd sá neimhthimchillghearradh, achd a gcoimhéud aitheantadh Dé.
20 Fanadh gach áon sa ngairm ionar goireadh é.
21 Nar goireadh thú ad shearbhfhoghantuidhe? ná bíodh suim agad ann: gidheádh más féidir leachd bheith sáor, go madh hé sin do rogha.
22 Oír an tí atá ar na ghairm sa Dtighearna, na shearbhfhoghantuidhe, is duine sáor é don Tighearna: is mar an gcéudna fós an tí atá ar na ghairm, ar mbeith dhó sáor, as searbhfhoghantuidhe do Chríosd é.
23 Do ceannchadh sibh ar lúach; ná bíghidh bhur séirbhíseachuibh do dháoinibh.
24 A dheárbhráithreacha, fanadh gach aon ag Día, sa ngairm a fuáir sé.
25 Achd a dtáobh na maighdean ní bhfuil áithne an Tighearna agam: gidheadh do bheirim comhairle, mar neach fuáir trócaire ón Dtighearna ré bheith díleas.
26 Uime sin sáoilim gur maith so ar son an riachdanuis atá do lathair, óir is maith do dhuine bheith mar sin.
27 An bhfuil tú ceangailte do mhnáoi? na híarr dealadh ría. An bhfuil tu sgáoilti ó mhnáoi? ná hiarr bean.
28 Achd fós ma phósann tú, ní bhfuil peacadh dhuint ann; agus má phósann maighdean, ní bhfuil peacadh dhi ann. Gidheadh do gheubhaid a leithid so buáidhirt do tháóbh na feóla: achd atáimse da bhur ccoigilt.
29 As uime a deirim so, a dhearbhraithreacha, do bhrígh na haimsire do bheith aithghearr: ionnus go mbíadh an drung agá bhfuilid mná mar nach bíadh mná acá;
30 Agus an dream do ní cáoi, mar dhruing nach déún cáoi; agus an dream do ní gáirdeachus, mar luchd nach dein gáirdeachus; agus an dream cheannchus, mar dháóinibh gan sealbh aca;
31 Agus an dream chaitheas an sáoghalsa, mar dhruing nach ccaitheann é: óir imthigh sgéimh an tsáoghailse thart.
32 Agus bá mian leam sibhse do bheith gan rochúram. An té nach bí pósda, bí ouram na néitheann bheanus ris an Tighearna air, cionnus budh fhéidir ris toil an Tighearna do dhéunamh:
33 Achd an té bhíos pósda bí cúram na neitheann sáoghalta air, cionnus búdh fhéidir leis toil a mhná do déunamh.
34 Atá dithfir eidir bean agus máighdion. Bí curam na neitheann nbheanus ris an Dtighearna air an mnáoi nach bí pósda, ionnus go mbíadh sí náomhtha a gcorp agus a spioraid: achd bí cúram na neitheann bheanus ris an sáoghal ar an mnáoi bhíos pósda, cionnus búdh fhéídir ría toil a fir do dhéunamh.
35 Agus is ar mhaith libhse a deirim na neithesi; ní chum bhur ngabhála a ndúl, achd chum an ní noch is damhail, achd ionnus go cceangalfadh sibh don Tighearna gan trioblóid.
36 Achd dá sáoilidh éinneach nach iomchubhaidh dhá mhaighdin bláth a haimsire do léigean tháirrsi, agus gur cóir a dhéanamh mar sin, déunadh mar is áill ris féin, ní bhfuil peacadh dhó ann: pósdar íad.
37 Achd an tí atá dearbhtha as a chroidhe féin, ar nach bhfuil riachdanus, agus fhéudus a thoil féin do cheannsughadh, agus do chuir so roimhe iona chroidhe a mhaighdean do choimhéud, is maith do ní sé é.
38 Uime sin is maith do ní an té do bheir dfior í; achd is fearr do ní an té nách tabhair dfior í.
39 Atá an bhean ceangailte ó dhligheadh ar feadh sháoghail a fir; gidheadh dá bhfaghuidh a fear bás, atá sí sáor ré pósadh ris an tí as áill ría; amháin sa Dtighearna.
40 Achd do réir mar sháoilimse, as mó is beannaighe í da nanaidh sí mar sin: agus is dóigh leamsa go bhfuil Spiorad Dé agum féin.