1 Tuilleadh eíle a dtáobh na neitheann iodhbarthar diodhaluibh, atá a fhios aguinn go bhfuil éolus aguinn uile. Arduighe an teólus inntínn dhuine, achd do ní an grádh follamnughadh.
2 Achd más dóigh ré héunduine, fios éinneithe do bheith aige ní feas dó fós éinní do réir mar budh chóir fios do bheith aige.
3 Achd dá dtuguidh éinneach grádh do Dhía, as eólghach dhó é.
4 Uime sin a dtáobh íthe bhídh íodhbarthar díodhaluibh, atá a fhios aguinn nach bhfuil éifeachd ar bith a niodhail, agus nach bhfuil Día eile ann achd an táon Día.
5 Oír bíodh go bhfuilid neithe ann dá ngoirthear dée, ar neamh agus ar talamh, (amhail atáid iomad dée, agus iomad tighearnadh.)
6 Gidheadh ní bhfuil aguinne achd áon Ndía amháin, an Tathair, ó a bhfuilid na huile neithe, agus sinne annsan: agus éin Tighearna Iósa Críosd, tré a bhfuilid na huile neithe, agus sinne thrídsion.
7 Gidheadh ní bhfuil an teólus sin ag gach éunduine: óir atá dream áirighe agá bhfuil fios na hiodhaile gus a nois itheas é mar ní iodhbarthar díodhaluibh; agus ar mbeith dá ccoinnsiás éugcruáidh salaighthear é.
8 Achd ní moltar sinn ar son bidh a bhfíadhnuise Dé: óir dá nítheann, ní saidhbhride sinn é; agus muna nitheann, ní dáibhride sinn é.
9 Gidheadh tugaidh bhur naire ribh nach mbiáidh an cúmhachdasa atá aguibh a gcail ar bith na adhbhar oilbhéime don druing atá lag.
10 Oir da bhfaicidh éunduine thusa agá bhfuil eólas ad shuídhe ar bhórd a dteampoll na niodhal, a né nach neirteóchar connsías an tí atá meiribh chum na neitheann iodhbarthar diodhaluibh íthe;
11 Agus do bhrígh heoluise an rachaidh an dearbhráthair éugcruáidh amúgha, agá bhfúair Críosd bás ar a shon?
12 Agus mar sin ag peacughadh dhíbh a naghaidh na ndearbhraithreach, agus ag lot a ccoinnsiáis éugcruaidh, do ní sibh peacadh a naghaidh Chríosd.
13 Uime sin, dá dtugaidh bíadh adhbhar oilbhéime dom dhearbhráthair, ni íosaídh mé feól go bráth, ionnus nach dtiubhruim adhbhar oilbhéime dom dhearbhráthair.