21 Oír a neagna Dé ó nár aithin an sáoghal Día tré eagna, bá toil lé Día tré éigcríonnachd na seanmóra an dream chreideas do shlánughadh.
22 Agus bíodh go níarraid na Iúduighe comhartha, agus go sirid na Gréugaidh eagna:
23 Gidheadh fós do nímidne Críosd ar na chéusadh do sheanmórughadh, na oilbhéim do na Iuduighibh, agus na éigcríonnachd do na Gréugaibh;
24 Achd don druing atá ar na ngairm, eídir Iúdaighe agus Ghréugach, Críosd cúmhachd Dé, agus eagna Dé.
25 Oír is glioca aimhghliocas Dé náid dáoine; agus as neartmhaire meirbheas Dé náid dáoine.
26 Oír a dhearbhraithreacha, do chí sibh bhur ngairm, nach iomdhá dhibh eagnuighe do réir na feóla, ní hiomdha cúmhachdach, ní hiomdha úasal:
27 Achd do thogh Día neithe éigcríonna an tsáoghail chum adhnáire do chur ar na dáoinibh eagnuidhe; agus do thogh Día neithe neimhneartmhara an tsáoghail chum adhnáire do chur air na neithibh neartmhara;