23 Gidheadh fós do nímidne Críosd ar na chéusadh do sheanmórughadh, na oilbhéim do na Iuduighibh, agus na éigcríonnachd do na Gréugaibh;
24 Achd don druing atá ar na ngairm, eídir Iúdaighe agus Ghréugach, Críosd cúmhachd Dé, agus eagna Dé.
25 Oír is glioca aimhghliocas Dé náid dáoine; agus as neartmhaire meirbheas Dé náid dáoine.
26 Oír a dhearbhraithreacha, do chí sibh bhur ngairm, nach iomdhá dhibh eagnuighe do réir na feóla, ní hiomdha cúmhachdach, ní hiomdha úasal:
27 Achd do thogh Día neithe éigcríonna an tsáoghail chum adhnáire do chur ar na dáoinibh eagnuidhe; agus do thogh Día neithe neimhneartmhara an tsáoghail chum adhnáire do chur air na neithibh neartmhara;
28 Agus do thogh Día, neithe anúaisle an tsáoghail, agus na neithe tarcuisneacha, agus na neithe nach bhfuil ann, chum na neitheann atá ann do chur a neimhbhrígh:
29 Ionnus nach déanadh feóil air bith uáill iona fhíadhnaise.