6 Do réir mar do dhaingnidheadh fíadhnuisi Iósa Criosd ionnuibh:
7 Ionnus nach bhfuil riachdanas én tiodhluice oraibh; ag fuireach dhibh ré teachd ar Dtighearna Iósa Críosd:
8 Noch fós dhaingneóchas sibh go foircheann bhur mbeatha, ionnus go mbía sibh neimhchiontach a ló ar Dtighearna Iósa Críosd.
9 Atá Día díleas, tres ar goireadh sibh chum cumuinn a Mhic Iósa Criosd ar Dtighearna.
10 Agus íarruim dathchuinge oraibh a dhearbhraithreacha, tré ainm ar Dtighearna Iósa Críosd, sibh uile do labhairt éainneithe amháin, agus gan siosma do bheith bhur measg; achd a bheith ceangailte dhá chéile go diongmhalta a náoininntinn agus a náoin chéill.
11 Oír a dhearbhraithreacha, do foillsigheadh dhamh oraibhsi, ré luchd tighe Chlóe, go bhfuiliu imreasana eadraibh.
12 Ag so a ní a deirim, go nabair gach áon agaibhsi, Gabhaimse ré Pól; gabhaimsi ré Hápollos; gabhaimsi ré Céphas; gabhaimsi ré Críosd.