11 Agus tárla na neíthesi uile dhóibhsion ná neisiompláraibh: agus is chum fógartha do thabhairt dúinne ar a rug deireadh an domhuin, do sgriobhadh íad.
12 Uime sin an tí sháoileas bheith na sheasamh tugadh aire ris féin deagla go bhfuigheadh sé leagadh.
13 Ní thárla cathughadh ar bith dhíbh achd an cathughadh leanus gach áon: agus atá Día fírinneach, nách bhfuileóngaidh cathúghadh do chur oraibh ós cionn bhur neirt; achd do dhéuna sé slighe imtheachd dhíbh ann sa gcathúghadh, ionnus go madh éidir libh a iomchar.
14 Ar a nadhbharsin, a dhearbhráithre grádhacha, seachnaidh iodhaladhradh.
15 Labhruim, mar laibheóruinn ré dáoinibh tuigsionacha; beiridh féin breith air a ní labhruim.
16 A né nach é cumáoin fhola Chríosd, cupán na mbeannachd do níomáoidne do bheannughadh? A né nách é cumáoin choirp Chríosd, an tarán bhrismíd?
17 Oir as áonarán agus áonchorp sinne, bíodh go bhfuilmíd morán: do bhrígh go nglacmáoid uile ar gcuid déunarán.