12 Uime sin an tí sháoileas bheith na sheasamh tugadh aire ris féin deagla go bhfuigheadh sé leagadh.
13 Ní thárla cathughadh ar bith dhíbh achd an cathughadh leanus gach áon: agus atá Día fírinneach, nách bhfuileóngaidh cathúghadh do chur oraibh ós cionn bhur neirt; achd do dhéuna sé slighe imtheachd dhíbh ann sa gcathúghadh, ionnus go madh éidir libh a iomchar.
14 Ar a nadhbharsin, a dhearbhráithre grádhacha, seachnaidh iodhaladhradh.
15 Labhruim, mar laibheóruinn ré dáoinibh tuigsionacha; beiridh féin breith air a ní labhruim.
16 A né nach é cumáoin fhola Chríosd, cupán na mbeannachd do níomáoidne do bheannughadh? A né nách é cumáoin choirp Chríosd, an tarán bhrismíd?
17 Oir as áonarán agus áonchorp sinne, bíodh go bhfuilmíd morán: do bhrígh go nglacmáoid uile ar gcuid déunarán.
18 Tabhruidh aire re Hisraél do réir na feóla: a né nách bí cuid ronna don naltóir ag an druing itheas na hiódhbartha?