14 Ar a nadhbharsin, a dhearbhráithre grádhacha, seachnaidh iodhaladhradh.
15 Labhruim, mar laibheóruinn ré dáoinibh tuigsionacha; beiridh féin breith air a ní labhruim.
16 A né nach é cumáoin fhola Chríosd, cupán na mbeannachd do níomáoidne do bheannughadh? A né nách é cumáoin choirp Chríosd, an tarán bhrismíd?
17 Oir as áonarán agus áonchorp sinne, bíodh go bhfuilmíd morán: do bhrígh go nglacmáoid uile ar gcuid déunarán.
18 Tabhruidh aire re Hisraél do réir na feóla: a né nách bí cuid ronna don naltóir ag an druing itheas na hiódhbartha?
19 Uime sin créud a deirim? a né go bhfuil éifeachd sa niodhail, nó go bhfuil éifeachd sa ní íodhbarthar diodhaluibh?
20 Achd a deirim, gur do dhiabhlaibh iodhbruid na Cineadhacha, na neithe íodhbruid síad, agus nach do Dhía: agus ní háill leam cumann do bheith aguibhsi ris na diabhluibh.