21 Ní héidir libh cupán an Tighearna díbhe, agus cupán na ndeamhan: ní héidir libh comhruinn bhuird an Tighearna dfagháil, agus bhuird na ndeamhan.
22 An bhfuilmíd ag brosdughadh an Tighearna chum feirge? an treisi linne na leision?
23 Atáid na huile neithe dlisdeanach dhamh, gidheadh ní bhfuilid uile tarbhach: atáid na huile neithe dlisdeanach dhamh, gidheadh ní fhollamnuighid uile.
24 Nár ab é a ní bheanus ris féin shírfeas neach ar bith, achd síreadh gan áon a ní rachus a sochar da chomharsuin.
25 Ithidh, gach ní reachthar sa margadh, gan cheisd ar bith do tháoibh coinnsiáis.
26 Oir as leis an Dtighearna an talamh, gon a líonmhaireachd.
27 Agus dá dtugaidh éunnduine don druing atá gan chreideamh, cuireadh dhíbh agus go mádh toil libh dul rin; íthidh gach ní churthar bhur bhfíadhnuisi, gan cheisd ar bith do chur do tháobh coinnsiáis.