4 Agus gur ibheadar uile dáoindigh amháin sbioradálta: oír do ibheadar don Charruic sbioradálta do lean íad: agus dob í an Charruic sin Críosd.
5 Achd ní raibh Dia réidh re mórán aca: óir do sgriosadh íad sa bhfásach.
6 Atáid na neithesi a nois na néisiompláiribh aguinne, ionnus nách bíadh fonn droichneithe orainne, amhail do bhí orrthasan fós.
7 Uime sin na bíghídhsi bhur luchd iodhaladhruigh, mar do bhí dream acasan; amhail atá sgríobhtha, Do shuigh an pobal síos chum ithe agus ibhthe, agus do éirgheadar na seasamh chum súgartha.
8 Agus ná déanaimne sdríopachas, amhuil do rinneadar cuid acasan, agus do tuiteadar a néunló trí mhíle fhichiot pearsa.
9 Agus ná cuireamne cathughadh ar Chríosd, amhuil ceadna do chuireadar cuid acasan, agus do sgriosadh íad ré haithreachaibh neimhe.
10 Agus na déunaudhsi munmhur, amhuil do rinneadar acasan, agus do sgriosadh íad ris an sgriosdóir.