1 Bighidh bhur luchd leanmhana dhamhsa do réir mar atáimse do Chríosd.
2 Agus anóis moluim sibh, a dhearbhráithreacha, fá choimhe do bheith aguibh oram sna huile neithibh, agus fá bheith dhíbh ag coimhéud na norduightheadh, amhuil tug mé dhíbh íad.
3 Gidheadh as mian riom a fhíos do bheith aguibh, gurab é Críosd ceann gach fir; agus gur ab é an fear ceann na mná; agus gur ab é Día ceann Chríosd.
4 Gach uile fhear agá mbí folach ar a cheann, ag urnaighe dhó nó ag fáidheadóireachd, do bheir sé easonóir dhá cheann.
5 Gidheadh gach bean agá mbí a ceann nochdaighe ag urnaighe nó ag faidheadóireachd dhi do bhéir sí náire dhá ceann: óir is ionann sin agus a bheith beárrtha dhi.
6 Oír muna raibh folach ar cheann na mná, beárrtha í mar an gcéudna: achd mas granna do mhnáoi bheith beárrtha nó lom, cuireadh sí folach uirthe.
7 Oír ní cóir don fhior a cheann dfolach, do bhrígh gur ab é iomháígh ghlóire Dé é: achd a sí an bhean glóir an fhir.