18 Oír ar tús, ar gcruinniughadh dhíbh a gceann a chéile sa neagluis, do chluinim go mbíd siósmadha eadruibh; agus creidim é a ccáil.
19 Oír is éigin fós eiriceachd do bheith bhur measgsa, chum na druinge atá dearbhtha eadruibh bheith follus.
20 Uime sin ar gcruinniughadh dhíbh a gceann a chéile ann éan ait, ní hé sin suipéir an Tighearna do chaitheamh.
21 Oír íthidh gach áon a shuipéir fein air tús: agus bí ocarus ar dhuine aguibh, agus duine eile ar misge.
22 A né nach bhfuil tighthe aguibh chum íthe agus íbhthe? nó an bhfuiltí ag tarcaisniughadh eagluisi Dé, agus ag tabhairt náire don druing atá gan éainní? Créud a déura mé libh? an molfad sibh? ní mholaim sibh sa gcássa.
23 Oír is ón Dtighearna fuáir misi a ni thug mé dhíbhse mar an gcéudna, Gur ghalc an Tighearna Iosa arán sa noidhche ionar bráitheadh é:
24 Agus ar mbreith bhuidheachais dó, do bhrís sé é, agus a dubhairt sé, Glacaidh, íthidh: a sé so mo chorpsa, bhrisdear ar bhur sonsa: déunaidh so mar choimhniughadh oramsa.