28 Ar a nadhbharsin dearbhadh gach áonduine é féin, agus mar sin ítheadh sé do naránsa, agus íbheadh don chupánsa.
29 Oír gidh bé ítheas agus íbheas go neimhiomchubhaidh, íthidh agus íbhidh sé damnughadh dho féin, an tan nach déun sé eidirdhealughadh eidir chorp an Tighearna agus bhíadh eile.
30 Dá bhrígh so atáid mórán meirbh agus ar dhíth neirt eadruibh, agus morán ar néug.
31 Oír dá mbeith breathnughadh aguinn oruinn féin, ní bhéarthaoi breath oruinn.
32 Gidheadh an tan bheirthear breath oruinn, is ris an Tighearna smachdaighthear sinn, deagla ar ndamnaighthe maille ris a tsáoghal.
33 Uime sin, a dhearbhráithreacha, ar dteachd díbh a gceann a chéile chum íthe, fuirighidh ré chéile.
34 Agus dá ráibh ocarus ar éinneach, itheadh sé agá thigh; deagla theachd dáoibh a gceann a chéile chum damnaighthe. Agus ar dteachd damh cuirfe mé gach ní eile nórdughadh.