7 Oír ní cóir don fhior a cheann dfolach, do bhrígh gur ab é iomháígh ghlóire Dé é: achd a sí an bhean glóir an fhir.
8 Oír ní ón mhnáoi an fear; achd ón fhior an bhean.
9 Oír ní ar son na mná do crúthuigheadh an fear; achd an bhean ar son an fir.
10 Uime sin is cóir don mhnáoi folach do bheith ar a ceann ar son na naingeal.
11 Gidheadh ní bhfuil an fear a néugmhais na mná, ná an bhean a néugmhais a nfir, sa Dtighearna.
12 Oír amhail mar is ón bhfear an bhean, mar an gcéúdna as tríd an mnáoi an fear; achd is ó Dhía na huile neithe.
13 Measaidh ionnuibh féín: an cubhaidh do mhnáoi gan folach ar a ceann Día do ghuidhe?