41 Atá glóir ar leith ag an ngréin, agus glóir ar leith ag an ngealuidh, agus glóir ar leith ag na réultuibh: óir atá dithfir ghlóire eidir réult agus réult eile.
42 As mar an gcédna bhías eiséirghe na marbh. Bí an corp truáillighe agá chur; agus éirghidh sé neamhthruallidh.
43 As neamhonórach é agá chur; agus éirghidh sé maille ré glóir: bí gan neart agá chur; agus éirghídh sé maille ré neart:
44 Bí sé na chorp nadúrtha agá chur; éirghidh sé na chorp sbioradálta. Atá corp nádúrtha ann, agus corp sbioradálta.
45 Amhuil fós atá sgríobhtha, Do rinneadh an céuduine Adhamh na anam béo; an Tádhamh déigheanach na spiorad bheódha.
46 Gidheadh ní hé an ní sbioradálta. Do bhí air tús, achd an ní nádúrtha; na dháigh sin an ní sbioradálta.
47 An céudduine talmhuidhe, ón dtalamh: an dara duine an Tighearna ó neamh.