48 Mar atá an duine talmhuidhe, as mar sin atáid an drung thalmhuidhe: agus amhuil atá an neach neamhdha, as amhluidh sin atáid an drung neamhdha.
49 Agus amhuil do iomchramar iomháigh an duine thalmhuidhe, iomchóram fós iómháigh an duine neamhdha.
50 Ag so an ní a deirim, a dhearbhráithre, do bhrígh nach féidir ré feóil agus ré fuil óighreachd ríoghachda Dé dfagháil; ná ré truáilleadh bheith na oighre ar neamh thruáilleadh.
51 Féuch, as ní dorcha labhruim ribh, ní choidéolam uile, achd cuirfighthear a naithearrach crotha sinn uile,
52 A mómeint, ré silleadh na súl, ré gúth an sduic dheigheanaigh: oír séidfidh an sdoc, agus dúiseochar na mairbh neamhthruáillighe, agus cuirfighthear sinne a naithearrach crotha.
53 Oír as éigean don ní truáillighesi neamhthruáilleadh do ghabháil uime, agus don ní shomharbhtha sa neamhmarbhthachd do gabháil uime.
54 Agus an tan ghéubhus a ní truáillighesi neamhthruáilleadh uime, agus a ní somharbhthasa neamhmarbhthachd uime, biáidh an tan sin an bhriathar atá sgríobhtha ar na coimhlíonadh, Do sluigheadh an bás a mbuáidh.