51 Féuch, as ní dorcha labhruim ribh, ní choidéolam uile, achd cuirfighthear a naithearrach crotha sinn uile,
52 A mómeint, ré silleadh na súl, ré gúth an sduic dheigheanaigh: oír séidfidh an sdoc, agus dúiseochar na mairbh neamhthruáillighe, agus cuirfighthear sinne a naithearrach crotha.
53 Oír as éigean don ní truáillighesi neamhthruáilleadh do ghabháil uime, agus don ní shomharbhtha sa neamhmarbhthachd do gabháil uime.
54 Agus an tan ghéubhus a ní truáillighesi neamhthruáilleadh uime, agus a ní somharbhthasa neamhmarbhthachd uime, biáidh an tan sin an bhriathar atá sgríobhtha ar na coimhlíonadh, Do sluigheadh an bás a mbuáidh.
55 O a bháis, gá háit a bhfuil do cháilg? ó a úaimh, gá háit a bhfuil do bhuáidh?
56 A sé an peacadh cáilg an bháis; agus a sé an reachd neart an pheacaidh.
57 Gidheadh a bhuídhe ré Día, do bheir dhúinn buáidh do bhreith tré ar Dtíghearna Iósa Críosd.