11 Uime sin ná tugadh éanduine neimhchion air: achd tréoruidhe uáibh a siothcháin é, chum teachd chugamsa dhó: óir atá súil agum ris maill ris na dearbhraithribh.
12 Agus a dtáobh ar ndearbhráthar Apollós, do shir mé go dithcheallach air teachd chugaibhse maille ris na dearbhráithribh, achd ni raibh a aigneadh ar éanchor ré theachd a nuáirse; gidheadh tiucfuidh sé an tan ghéubhus sé an iomchubhaidh.
13 Déunaidh faire, seasaidh go daingion sa gcreideamh, bíghidh fearrgha, bíghidh láidir.
14 Déanaidh na huile neithe maillé ré grádh.
15 Agus íarruim dathchuinge oruibh, a dhearbhráithre, (ós aithnidh dhíbh muinntir thighe Steapháin, gurab íad céadthoradh na Hachaía, agus go dtugadar íad féin do dhéanamh miniosdralachd do na náomhuibh.)
16 Bídhidhse fós úmhal da leithid sin, agus dá gach áon do ní obair, agus sáothar maill rinn.
17 Agus atá lúathgháire oram tré theachd Steapháin agus Fhortunátuis, agus Achaicuis: do bhrígh go ndearnadar bhur nionadsa dhamh.