7 Oír ní mían ríom dul bhur bhféachain a nois don dúlsa; gidheadh atá súil agum fuireach bhur bfochair feadh tamuill, do chead an Tighearna.
8 Agus do dhéuna mé cómhnuidhe a Nephesus go Cingcís.
9 Oír do hosgladh dorus mór éifeachdach dhamh, agus naimhde iomdha.
10 Agus dá dtigidh Timotéus, tugaidh aire ribh go mbiáidh sé gan eagla bhur bhfochair: óir sáothruidhe sé a nobair an Tighearna, amhuil do nímse.
11 Uime sin ná tugadh éanduine neimhchion air: achd tréoruidhe uáibh a siothcháin é, chum teachd chugamsa dhó: óir atá súil agum ris maill ris na dearbhraithribh.
12 Agus a dtáobh ar ndearbhráthar Apollós, do shir mé go dithcheallach air teachd chugaibhse maille ris na dearbhráithribh, achd ni raibh a aigneadh ar éanchor ré theachd a nuáirse; gidheadh tiucfuidh sé an tan ghéubhus sé an iomchubhaidh.
13 Déunaidh faire, seasaidh go daingion sa gcreideamh, bíghidh fearrgha, bíghidh láidir.