7 Achd labhramáoid éagna Dé a seicreid, a néagna fholaigheach, noch do orduigh Día roimh an tsáoghal chum ar nglóirinne:
8 A néagna nar bhaithne dáoinneach do phrionnsaidhibh an tsáoghailse: óir dá madh aithne dhóibh í, ní chéusfaidís Tighearna na glóire go bráth.
9 Achd do réir mar atá sgriobhtha, Ní fhacaidh súil, agus ní chuálaidh clúas, agus nír smuain croídhe duine, na neithe do ullmhuigh Día don druing ghrádhaigheas é.
10 Gidheadh achd do fhoillsigh Día dhúinne íad tré na Spioraid: oír sgrúdáighe an Spiorad na huile neithe, agus fós, neithe doimhne Dé.
11 Oír cía hé an neach aga bhfuil fios na neitheann is lé duine, achd amháin ag an spioraid atá sa duine? as mar an gcéudna ní bhfuil fios na neitheann is ré Día ag áoinneach, achd amháin ag Spioraid Dé.
12 Gidheadh ní hé spiorad an tsáoghail, do ghabhamairne chugainn, achd an spiorad atá ó Dhía; ionnus go mbíadh fios na neitheann aguinn noch do tíodhlaiceadh dhúinn ó Dhía.
13 Noch fhoillsighemid mar an gcéudna, ní a mbríathraibh theaguisgeas an gliocas dáonna, achd a mbríathraibh theaguisgeas an Spiorad Náomh; ag coimhcheangal na neitheann spioradálta ré chéile.