1 Agus a dhearbhraithreacha, níor bhféidir leamsa labhairt ribhse mar dháoinibh sbioradálta, achd mar dháoinibh colluidhe, amhuil náoidheanuibh a Gcríosd.
2 Do bheathaidh mé sibh re bainne, agus ní ré bíadh: óir níor bhféidir libh fós a ghabháil chugaibh, agus a nois féin ní féidir libh.
3 Oír atá sibh fós colluidhe: oír ó atá tnúth, agus imreasuin, agus aimhreiteach eadruibh, a né nach bhfuilti colluidhe, agus nach siobhlann sibh do réir dháoine?
4 Oír an tan a deir neach, As lé Pól misi; agus neach eile, As le Apollos misi; a né nach bhfuiltí colluidhe?