12 Agus dá dtógbhuidh áoinneach ar an bhfonndameintsi ór, airgead, clocha uáisle, adhmad, féur, no connlach;
13 Do dhéuntar obair gach áonduine follus: óir foillseochaidh an lá é, do bhrígh go madh léir é ris an dteine; agus foillseócháidh an teine cionnus bhías obair gach éunduine.
14 Da nanaidh obair áonduine noch do thóg sé ar an bhfonndameint, do ghéubhaidh se túarasdal.
15 Má loisgear obair éunduine, rachaidh a sháothar amúgha: gidheadh sáorfuighthear é féin; achd sin fós amhúil tré theine.
16 A né nach bhfuil a fhios aguibh gur sibh teampoll Dé, agus go gcómhnuigheann Shiorad Dé ionnaibh?
17 Má thruáilligheann einneach teampoll Dé, sgriosfuidh Día an tí sin; óir atá teampoll Dé náomhtha, noch as sibhse.
18 Na mealladh éinneach é féin. Má chithear déunduine aguibh é féin do bheith glic sa tsáoghalsa, bíodh sé na amadán, ionnus go mbíadh se glic.