17 Má thruáilligheann einneach teampoll Dé, sgriosfuidh Día an tí sin; óir atá teampoll Dé náomhtha, noch as sibhse.
18 Na mealladh éinneach é féin. Má chithear déunduine aguibh é féin do bheith glic sa tsáoghalsa, bíodh sé na amadán, ionnus go mbíadh se glic.
19 Oír is aimhghliocas ré Día gliocas an tsáoghalsa. Oír atá sgríobhtha, Greamuidhe sé na dáoine glioca ann a slighthibh féin.
20 Agus a rís, Atá a fhios ag an Dtighearna, gur díomháoineach smuáintighe na ndáoineadh glioc.
21 Uime sin na déunadh áoinneach máoithfeachas ar dháoinibh. Oír is libhse na huile neithe;
22 Da madh é Pól é, nó Apollos, nó Céphas, nó an sáoghal, nó beatha, nó bás, nó na neithe atá do lathair, nó na neithe atá chum teachda; is libhse íad uile.
23 Agus as lé Críosd sibhse; agus as le Dia Críosd.