3 Oír atá sibh fós colluidhe: oír ó atá tnúth, agus imreasuin, agus aimhreiteach eadruibh, a né nach bhfuilti colluidhe, agus nach siobhlann sibh do réir dháoine?
4 Oír an tan a deir neach, As lé Pól misi; agus neach eile, As le Apollos misi; a né nach bhfuiltí colluidhe?
5 Oír cía hé Pól? Agus cía hé Apollos, achd na mínisdrí tré ar chreideabhair, agus do réir mar tug an Tighearna do ghach áoinneach?
6 Do phlanndaigh misi, do chraith Apollos an tuisge; achd a sé Día tug an fás.
7 Ar a nadhbharsin ní bhfuil éifeachd sa tí phlanndaigheas, na fós sa tí chroitheas an tuisge; achd a Ndía do bheir an fás.
8 Agus is ionnan an tí phlanndaigheas, agus an tí chroitheas an tuisge: agus do ghéubhaidh gach áon a thúarasdal do réir a sháothair.
9 Oír is cómhluchd oibre do Dhía sinne: is sibhse treabhaire Dé, agus áitreabh Dé.