5 Uime sin ná beiridh breith ar áoinní roimh a nam, nó go dtíg an Tighearna, noch fhoillseóchas neithe folaigheacha an dorchadais, agus nochdfus rún na gcroidheadh: agus ann sin do ghéubhaidh gach áon moladh ó Dhía.
6 Agus a dhearbhraithreacha, do tharruing mé na neithesi chugun féin, agus chum Apollos a bhfioghair ar bhur sonsa; chum sibhse dá bhfoghluim uáinn gan bheith dháoibh ní sa glioca ná mar atá sgriobhtha, gan neach aguibh do bheith a naghaidh a chéile ar na shéideadh.
7 Oír cía chuireas ar leith thusa? agus créud atá agad nach bhfuáir tú? agus má fuáir tú é, créd fá ndéanann tú glóir as, mar nach glacta é?
8 Atá sibh a nois sáitheach, atá sibh a nois ar bhur ndéunamh sáidhbhir, do ghnodhaigheabhair rioghachd ionar bhféugmhaisne: agus do bfearr leam go bhfaghadh sibh rioghachd, ionnus go mbeidhmísne fós ar rióghaibh maille ribh.
9 Oír méasuím gur chuir Día inne na habsdail dheireannacha amach, mar dhruing atá ar na dteilgean chum báis: óir do rinneadh sgáthán dhinn don tsaóghal, agus dainglibh, agus do dháoinibh.
10 As amadáin sinne ar son Chríosd, achd atá sibhse glic a Gcríosd, atamáoidne éugcruáidh, achd atá sibhse láidir, atá sibhse ag fagháil onóra, agus sinne ag fagháil easonórá.
11 Gus a namsa féin atámáoid ag fagháil ocaruis, agus iótan, agus atámáoid lomnochdaigh, agus gabhthar do dhornaibh orainn, agus ní bhfuil ionad comhnuidhe ar bith áirighe aguinn;