8 Atá sibh a nois sáitheach, atá sibh a nois ar bhur ndéunamh sáidhbhir, do ghnodhaigheabhair rioghachd ionar bhféugmhaisne: agus do bfearr leam go bhfaghadh sibh rioghachd, ionnus go mbeidhmísne fós ar rióghaibh maille ribh.
9 Oír méasuím gur chuir Día inne na habsdail dheireannacha amach, mar dhruing atá ar na dteilgean chum báis: óir do rinneadh sgáthán dhinn don tsaóghal, agus dainglibh, agus do dháoinibh.
10 As amadáin sinne ar son Chríosd, achd atá sibhse glic a Gcríosd, atamáoidne éugcruáidh, achd atá sibhse láidir, atá sibhse ag fagháil onóra, agus sinne ag fagháil easonórá.
11 Gus a namsa féin atámáoid ag fagháil ocaruis, agus iótan, agus atámáoid lomnochdaigh, agus gabhthar do dhornaibh orainn, agus ní bhfuil ionad comhnuidhe ar bith áirighe aguinn;
12 Agus atámáoid ag fágháil sháothair, ag déunmah oibre ría ar lámhuibh féin: an tan mhallaighthear sinn, do bheirmíd ar mbeannachd úainn; an tan ghérléantar sinn, do bheirmid fulang uáinn:
13 An tan mhaslaighthear sinn, níomáoid úrnaighe: atamáoid air ar ndéunamh mar shalchar an domhain, mar sgim na nuile neitheann gus a niugh.
14 Ní chum sibhse do náiriughadh sgríobhuim na neithesi, achd mar mo chloinn ionmhuin theagusgim sibh.