15 Gidheadh níor chuir misi éinní dhíobh so a gnás: agus fós ní huime do sgríobh mé na neithesi, ionnus go ndéantáoi mar sin leam féin: oír do bhfear leam bás dfagháil, ná go ccuirfeadh éainneach mo mháoithfeachus a neimhbhrígh.
16 Oír bíodh go ndeanuinn an soisgéul do sheanmórughadh, ní bhfuil adhbhar máoithfeachuis agam: do bhrígh go bhfuil sé na éigean oram; agus, as trúagh dhamh, muna ndéana mé an soisgéul do sheanmórughadh!
17 Oír más ó thoil do ním so, atá luáidheachd agam: más a nadhaigh mo thoile, atá fós a chúram ar na léigean táóbh ríom.
18 Uime sin créd í mo lúaidheachd? Go fírinneach, soisgéul Chríosd do thabhairt uáim, a naisgidh an tan sheanmóruim é, do chum gan na cúmhachda atá agam sa tsoisgél dísliughadh.
19 Oír bíodh go bhfuilim sáor ó na huile dháoinibh, do rinne mé searbhfhoghantuidhe dhíom féin do na huile dháoinibh, chum ní sa mhó do gnodhughadh dhamh.
20 Agus do bhí mé mar Iúduighe do na Iúduighibh, chum na Niúduigheadh do ghnodhughadh; don druing atá fáoi an reachd, amhuil mar bheinn fáoi an reachd, chum na druinge atá fáoi an reachd do ghnódhughadh dhamh;
21 Don druing atá gan reachd, mar do bhéinn gan reachd, (bíodh nach bhfuilim gan reachd do tháobh Dé, achd úmhal do reachd Chríosd,) chum na druinge gan reachd do ghnodhughadh dhamh.