2 Bíodh nach easbal mé do dháoinibh eile, go dearbhtha a seadh dháoibhse: oír as sibhse séula mabsdaltachda sa Tighearna.
3 A sí so mo fhreagra don druing chuirfeas ceisd oram,
4 A né nach bhfuil cúmhachd íthe agus íbhthe aguinne?
5 A né nach bhfuil cúmhachd aguinn bean, ná deirbhshiúr, do bhreith linn fá gcuáirt, amháil do níd an chuid eile do na habsdalaibh, agus bráithreacha an Tighearna, agus Céphas?
6 Nó an bhfuilimse amháin agus Barnabas, gan chúmhachd aguinn bheith sáor ó obair?
7 Cía théid chum cogaidh uáir ar bith ar a chosdús féin? cía chúireas fíneamhuín, agus nach ítheann féin dá thoradh? nó cía bheathuigheas tréud, agus nach blaiseann do bhainne an tréuda?
8 An mar dhuine labhrum na neitheso? a né nach abair an reachd na neithesi mar an gcéudna?