7 Cía théid chum cogaidh uáir ar bith ar a chosdús féin? cía chúireas fíneamhuín, agus nach ítheann féin dá thoradh? nó cía bheathuigheas tréud, agus nach blaiseann do bhainne an tréuda?
8 An mar dhuine labhrum na neitheso? a né nach abair an reachd na neithesi mar an gcéudna?
9 Oír atá sgriobhtha a reachd Mháoisi, Ná cuir ceangal ar bhéul an daimh bhriseas an tarbhar. An bhfuil cúram damh ar Dhía?
10 Nó a né nach air ar soinne go huilidhe a déir sé so? Go deimhin, as air ar soinne, atá sé sgríobhtha: oír as maille ré dóthchas is cóir don treabhaire treabhadh do dhéanamh; agus don bhuáilteóir búaladh a muinighin go bhfuigheadh sé tairbhe a dhóthchais.
11 Má shiólchuir sinne neithe sbiorádalta dháoibhse, an mór libhsi sinne do bhuáin bhur neitheann sáoghaltasa?
12 Má gheibhid dáoine eile toradh an chúmhachdasa uáibh, créud fá nách bhfuighemisne é ní sa mhó? Gidheadh níor chuireamar na cúmhachdasa a ngnás; achd iomchramáoid na huile neithe, ionnus nach dtiocfadh dhínn toirmeasg ar bith do chur ar shoisgéul Chríosd.
13 A né nách bhfuil a fhios aguibh an dream shaothruigheas a dtimcheall na neitheann náomhtha go níthid síad do neithibh an teampoill? agus an dream bhíos do ghnáth ag fritheóladh na haltóra go bhfaghaid cuid ranna don naltóir?