17 Agus atá an sáoghal ag imtheachd thoruinn, agus a ainmhían: achd an tí do ní toil Dé mairidh sé go siorruidhe.
18 A leanba beaga, atá a naimsir dheigheanach ann: agus amhuil do chúalabhair go dtiucfadh an tainticríosd, atáid a nois cheana morán daintícríosduibh ar néirghe ann; ar a naithnighemíd a naimsir dheigheanach do bheith a lathair.
19 Do chúadar amach as ar measgne, oir ní rabhadar dhínn: óir dá mbéidís dínn, dfanfaidís go deimhin má ráon rinn: achd dimthigheadar uainn, ionnus go madh follas nach dínne íad uile.
20 Gidheadh atá ungadh aguibhse ón Neach Náomhtha, agus atá eólus aguibh ar na huile neithibh.
21 Ní huime sgríobh mé chuguibh do bhrígh go raibh sibhse ainbhfiosach sa bhfirinne, achd ar a nadhbhar go bhfuil a eólus aguibh, agus nach bhfuil bréug ar bith ón bhfírinne.
22 Cía atá na bhréugaire achd an tí shéunus gur ab é Iósa is Críosd ann? A sé so an tainticríosd, noch shéunus an Tathair agus an Mac.
23 Gidh bé shéunas an Mac, ní bhfuil an Tathair aige: gidh bé admhuigheas an Mac atá an Tathair aige mar an gcéudna.