16 Agus do aithneamhar agus do chreideamar an grádh atá ag Día dhúinn. Is grádh é Día; agus an tí chomhnuigheas a ngrádh, comhnuighe sé a Ndía, agus Día annsan.
17 As tríd so atá an grádh ar na choimhlíonadh ionnuinne, ionnus go mbíadh dánachd aguinn a ló an bhreitheamhnuis, do bhrígh gur do réir mar atá seision, atámuidne fós sa tsáoghalsa.
18 Ní bhfuil eagla sa ngrádh; achd cuiridh an grádh diongmhálta eagla amach úadh: óir atá pían aig an neagla. Uime sin gidh bé ar a mbí eagla ní bhfuil sé diongmhálta a ngrádh.
19 Bheirmíd grádh dhósan, do bhrígh gur ghrádhuigh sé sinn ar tús.
20 Dá nabra éinneach, atá grádh agum air Dhía, agus fúath bheith aige air a dhearbhráthair, is bréugach é: Oír cionnas is éidir don tí nach grádhuigheann a dhearbhráthair do chonnairc sé, grádh thabhairt do Dhía nach bhfacuidh sé?
21 Agus atá a náithese aguinn úadhsan, An tí ghrádhuigheas Día go nghrádhughadh sé a dhearbhtáthar mar an gcéudna.