2 Is as so is aitheanta dhíbh Spiorad Dé: gach spiorad admhuigheas go dtainic Iósa Críosd a gcoluinn, is ó Dhía atá sé.
3 Achd gach Sbíoruid nach admhuigheann go dtáinic Iósa Críosd a gcoluinn ní ó Dhía atá sé: achd a sé sbiorad a nainnticríosd é, air a gcúalabhair iomrádh go dtiucfadh sé; agus atá sé a nois cheana sa domhan.
4 A chlann bheag, as ó Dhía atá sibhse, agus rugabhair buáidh orrthasan: óir as mó an tí atá ionnuibhse, na an tí atá sa domhan.
5 As don tsáoghal íadsan: uime sin labhruid neithe sáoghalta, agus do bheir an sáoghal éisdeachd dóibh.
6 As ó Dhía atámuidne: an tí atá a neólas Dé éisdigh sé rinn; an tí nach bhfuil ó Dhía ní éisdeann sé rinn. Is as so aithnighemid sbiorad na fírinne, agus sbiorad an tseachráin.
7 A cháirde, bíodh grádh aguinn dá chéile: óir as ó Dhía tig an gradh; agus gidh bé neach ghrádhuigheas atá sé ar na gheineamhuin ó Dhía, agus is aithnidh dhó Día.
8 An tí nach grádhuigheann ní bhfuil eólas Dé aige; óir as grádh é Día.