8 An tí nach grádhuigheann ní bhfuil eólas Dé aige; óir as grádh é Día.
9 An so do foillsigheadh grádh Dé dhúinne, eadhon gur chuir sé úadha a éinghin Mhic air a tsáoghal, chum go mairfeadh sinne thríd.
10 As ann so atá an grádh, ní hé go dtugamairne grádh do Dhía, achd go dtug seision grádh dhúinne, agus gur chuir úadh a Mhac féin na iodhbairt réitigh air son ar bpeacuighne.
11 A cháirde, má ghrádhuigh Día sinne mar sin, atá dfíachuibh oruibbe mar an gcéudna a chéile do ghrádhughadh.
12 Ní fhacuidh éinneach Día riamh. Dá raibh grádh aguinn dá chéile, atá Día na chómhnuighe ionnuinn, agus atá a ghrádh go diongmhálta ionnuinn.
13 Is as so aithnighemíd sinn do bheith ar gcómhnuighe annsan, agus eisean ionnuinne, do bhrígh go dtug sé dhuinn tiodhluice na Sbioruide.
14 Agus do chonncamar agus do níomuid dfíadhnuise gur chuir an Tathair an Mac úadh, na Shlánaightheóir an domhuin.