10 An tí chreideas a Mac Dé atá an fhíadhnuise aige ann féin: an tí nach ccreideann Día do rinne sé bréugach é; do bhrígh nar chréid sé don fhiadhnuise noch do rinne Día a dtáobh a Mhic.
11 Agus a sí so an fhíadhnuise sin, go dtug Día an bheatha mharthannach dhúinne, agus is ann a Mhac atá an bheathasa.
12 An tí agá bhfuil an Mac aige atá an bheatha aige; an tí ag nach bhfuil Mac Dé ní bhfuil an bheatha aige.
13 Do sgríobh mé na neithese chuguibhse a dhream chreideas a nainm Mhic Dé; chum a fheasa do bheith aguibh go bhfuil an bheatha mharthannach aguibh, agus ionnus go gcreidfeash sibh a nainm Mhic Dé.
14 Agus a sé so an dóthchas atá aguinn as, éadhon, ma íarrmuid éinne air do réir a thola, go néisdeann sé rinn:
15 Agus má atá a fhios aguinn go néisdeann sé sinn, fá gach ní dá sirmíd, atá a fhios aguinn go bhfuilid na híarratais do íarramar air ar fagháil aguinn.
16 Dá bhfaicidh éinneach a dhearbhráthair ag peacughadh a bpeacadh nach bhfuil chum báis, íarraidh sé, agus do bhéura sé beatha don tí nach déun peacadh chum báis. Ata peacadh ann chum báis: ní air a shon sin a deirim leis guídhe.