22 Agus biaidh fúath ag gach uile dhuine dhíbh ar son manmasa: achd giodh bé fhuiléongas go dtí deireadh a sé so shlainéochthar.
23 Agus an tan ghéarleanfuid said sibh sa ccathruighsi, teithidh go cathruigh eile: oir go dearbhtha a deirimsi ribh, Nach géubhtháoi timcheall chaithreach Israel, suil thiocfas Mac an duine.
24 Ní bhfuil an deisgiobal ós cionn a mhaighisdir, ná an searbhfhóghantuighe ós cionn a thighearna.
25 As lór don deisgiobal bheith mar a mhaighisdír, agus don tshearbhfhoghantuidhe bheith mar thighearna. Má ghoireadar Beelsébub dfhior an tighe, a né nach mó ná sin ghoirfid é dá mhuinntir?
26 Ar a nadhbharsin na bíodh a neagla oraibh: óir ní bhfuil ní ar bith folaighthe, nach dtiocfuidh chum soillsi; agus ní bhfuil énní ar ceilt, nach aitheontar.
27 An ní a deirimsi ribh ann sa dorchadus, abruidhsi é ann sa tsolus: agus an ní do chluinntí in bhur gclúais, foillsighe é air mhullach na tighthe.
28 Agus na bíodh oruibh eagla na muinntíre mharbhas an corp, agus leis nach éidir an tanam do mharbhadh: achd go madh mó bhías eagla an tí ud oraibh le nab éidir an tanam do mharbhadh: achd go madh mó bhías eagla an tí ud oraibh le nab éidir an corp agus an tanam do mhilleadh a nifrionn.