Mhata 11 BEDELL

Caibidil XI

Teachdaireacht Eoin go Hiosa, 20 agus searmoin shearbh do dhaoinibh doitheagaisc, 28 achd muirneach, do nuirisiol, umhal.

1 Agus tárla, a núair da chriochnuigh Iósa aitheanta do thabhairt dá dhá dheisgiobal déug, gur imthigh sé as sin do sheanmóir agus do theagasg ann a gcaithreachuibh súd.

2 Anois an tan do chúalaigh Eóin ann sa phriósún gníomhartha Chríosd, ar gcur deisi dá dheisgiobluibh úadh,

3 A dubhair sé ris, An tusa an té ús do bhí réd atharrach?

4 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, Imthighidh agus innisigh Déoin na neithe do chluinntí agus chithí:

5 Do gheibhid na doill a radharc, agus siobhluid na bacaigh, glantar na lobhair, agus do chluinid na bodhair, dúisgthear na máirbh, agus a tá an soisgéul da sheanmóir do na bochdaibh.

6 Agus is beannuighthe an té, nach bhfuighe scannail ionnamsa.

7 Agus air nimtheachd dóibhsion, do thionnsgain Iósa teachd thar Eóin ris ata gcoimhthionól, ag rádh, Créd é an ní agá ndeachabhair a mach fan fhásach dá fhéachain? An giolcach dá bhogadh ag an ngáoith?

8 Achd créd é an ní agá ndeachabhair a mach dá fhéuchuin? Duine a tá ar na éadughadh re héaduighibh mine? féuch, an mhuinntir chuireas éaduighe mine iompa is a dtighthibh na riogheadh bhíd said.

9 Achd créd é an ní ag a ndeachabhair a mach da fhéuchain? Fáidh? a deirim ribh go deimhin, an ní as mó ná fáidh.

10 Oir a sé so an té, air a sgriobhthar, Féuch, cuirimsi mo theachdaire romhad, neach uillmhéochas do shlighe romhad.

11 A deirim ribh go fírinneach, Nach ar eirghidh eidir chlannaibh na mban neach is mó ná Eoin Baisde: ach cheana giodh bé is lugha ann sa rioghachd neamhdha is mo é ná eisean.

12 Agus ó láethibh Eóin Baisde gus a nois a tá foiréigean dá dhéanamh ar an rioghachd neamhdha, agus fúaduighid luchd fhoiréigin í.

13 Oír do rinneadar na fáighe uile agus an dligheadh fáigheadóireachd go Héoin.

14 Agus mas toil libh a ghabháil, sé so Elias, do bhí chum teachda.

15 Giodh bé agá bhfuil clúasa chum éisdeachda, eisdeadh sé.

16 Achd cía lé a samhleóchuidh mé an geinealachso? Is cosmháil é ré garlachuibh shuigheas ar na marguidhibh, agus eimhgheas ar a gcompánachuibh,

17 Agus a deir, Do rinneamar céol dháoibh, agus ní dhearnábhair dámhsa; do cháoineamar dháoibh, agus ní dhearnábhair gul.

18 Oír tháinic Eóin ní ag ithe ná ag ól, agus a deirid said, A tá deamhan ann.

19 Tháinic Mac an duine ag ithe agus ag ól, agus a deirid, Féuch an duine cráosach, agus pótaire fíona, cara na bpuibliocánach agus na bpeacthach. Gidheadh a tá an ghliocas ar na sáoradh ó na cloinn féin.

20 Do thionnsgain sé an tansin milleán do thabhairt do na cathrachaibh ann ar foillsigheadh mórán dá shubhailcidhibh, ar son nach dearnadar aithríghe:

21 Is anáoibhinn dhuit, a Chorasin! Is anáoibhinn duit, a Bhetsáida! Óir da madh a Ttírus agus a Sídon, do dhéantuidhe na miorbhuile, do rinneadh ionnaibhsi, is fada ó shoin do dhéindís aithrighe a néadach róin agus a lúaith.

22 Achd cheana a deirimsi ribh, Go madh socamhluighe do Thírus agus do Shídon a ló an bhreitheamhnus, na dháoibhsi.

23 Agus tusa, a Chapernáum, a tá ar do thógbháil súas go neamh, téilgfidhthear síos go hifrionn thú: óir dá madh a measg luchd Shodoim do dhéantuidhe na míorbhuile, do rinneadh ionnadsa, do anfaidis gan sgrios gus a níu.

24 Achd cheana a deirimsi ribh, Go madh socamhluighe do dhúthaidh luchd Shodoim a ló a bhreitheamhnuis, ná dhuitsi.

25 Do fhreagair Iósa a nuáirsin agus a dubhairt sé, Do bheirim buidheachas dhuit, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, ar son gur fholuigh tú ná neithese ó dháonibh eagnuidhe agus tuigseanacha, agus gur nocht tú íad do leanbaibh.

26 A seadh, Athair: do bhrígh gur ab mar sin do bhí do dheaghthoilse.

27 A tá gach uile ní ar na thabhairt dhamhsa ó Máthair: agus ní háithnidh déinneach an Mac, achd do Náthair; agus ní báithnidh deinneach an Tathair, achd don Mhac, agus dá gach áon dár ab áill leis an Mac a fhoillsiughadh.

28 Tigidh chugamsa, uile a bhfuiltí tuirseach agus fá anúalach trom, agus do bhéaraidh mé fúaradh dháoibh.

29 Tógbhuidh mo chuingsi oraibh, agus foghlamuigh úaim; óir a táim ceannsaighe agus úmhal a gcroidhe: agus do gheabhtháoi súaimhneas dá bhur nanmaibh.

30 Oir a tá mo chuingsi sóiomchuir, agus a tá múalach éadtrom.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28