1 Agus ar bhfagbháil an teampuill Diósa, do ímthigh sé: agus tangadar a dheisciobuil chuige do thaisbéanadh oibreach an teampuill dhó.
2 Agus a dubhairt Iósa riu, An bfaicthí íad so uile? go fírinneach a deirimsi ribh, Nach bfúigfidhthear cloch ar muin chloiche ann so, nach sgáoilfidhthear.
3 Agus ar suighe dhó ar shlíabh na noluidheadh, do chúadar a dheisciobuil chuige go priobháideach, ag rádh, Innis dúinne, gá húair thiocfuid na neithesí chum criche, agus créd é comhartha do theachdasa, agus dheiridh an tsáoghail?
4 Agus ar bhfreagra Diósa a dubhairt sé riu, Tabhruidh dá bhar naire nach meallfa eín neach sibh.
5 Oír tiocfuid móran am mainmsi, ag rádh, Is misi Criósd; agus meallfuid mórán.
6 Do chluinfithí cogthuidh agus túarasgbháil cogthadh: tabhruidh dá bhur naire gan búaidhreadh do bheith oruibh: oír is éigin na neithesi uile do theachd chum críche, achd ní bhfuil deireadhann fós.
7 Oir éiréochuidh cineadh a naghaidh ríoghachda: agus beíd górta, agus pláighean na, agus crioth talmhan, a móran dáitibh.
8 Achd ní bhfuil ionnta so uile achd, tosach amhgar.
9 Ann sin do bhéaruid síad sibhsi dá bhur gcéasadh, agus muirfid sibh: agus bíadh fúath ag na huile chíneadhachuibh dháoibh ar son manmasa.
10 Ann sin do gheabhuid móran adhbhar oilbheime, agus braithfid dáoine a cheile, agus bíaidh fúath aca dhá chéile.
11 Agus éiréochuid mórán dfáidhibh fallsa, agus meallfuid mhórán.
12 Agus do bhrigh go mbía a néagcóir ar na meadughadh, fúairéochuidh carthannachd mhóráin.
13 Achd gidh bé bhías seasmhach go deireadh, a sé shláineochthar.
14 Agus do dhéantar an soisgéulsa na ríoghachda do sheanmóir ar feadh an domhain uile; mar fhíadhnuisi do na huile chineadhachuibh; agus ann sin tiocfuidh an deireadh.
15 Ar a nadhbharsin an tráth do chífidhe adhfhúathmhuireachd an léirsgrios, air ar labhair Dániel fáidh, na seasamh ann sa nionad choisreagth: (tuigeadh, an té léaghas:)
16 Ann sin an luchd bhiás a ttier Iúdaighe teitheadh síad fá na sléibhtibh:
17 An té a tá ar mhullach an tighe na tigheadh sé a núas do bhreith neithe ar bith leis as a thigh:
18 Agus an té a tá ar an machaire na filleadh sé ar ais do thógbháil a eaduigh leis.
19 Agus budh trúagh do na mnáibh torrcha, agus don luchd do bheir cíche úatha ann sna laithibhsin.
20 Agus guidhidh gan bhur dteitheadh do bheith ann sa ngeimhreadh, na sa tsabhóid:
21 Oír bíadh amhgar mór ann tráthsin, amhail nach raibh ann ó thús an domhain gus a nois, agus nach mbiaigh go bráth.
22 Agus muna ngearruighthi na laéthe úd, ní rachadh féoil ar bith as: achd gearrfuighthear na laéthe úd ar son na ndáoine toghtha.
23 Ann sin ma deir áonduine ribh, Féuch, a tá Críosd ann so, nó ann súd; ná creididh é.
24 Oír eiréochuidh Críosdanna fallsa, agus fáidh fallsa, agus do dheánuid comharthuidhe agus miorbhuile móra; ionnas go meallfuid síad (da madh éidir é) na dáoine toghtha féin.
25 Féuch, tug mé sgéula dháoibh roimhe a naimsir.
26 Ar a nadhbharsin dá nabruid síad ribh, Féuch, a tá sé san bhfásach; na himdhigh amach: Féuch, atá sé a seómruidhibh úaigneacha; na creididh sin.
27 Oír do réir mar thig téinnteach ó a náird shoir, agus do cíthear í go soithe a náird shoir, agus do cíthear í go soithe a náird shíar; mar sin bhías teachd Mhic an duine.
28 Oír gidh bé ball ann a mbía an conablachd, is ann sin chruineochthar na hioluir.
29 Ar an mball ndíaigh trioblóide na laitheadh úd bíaidh an ghrían ar ua dhorchughadh, agus ní thiobhra an ghealach a soillsi úaithe, agus tuitfid na réulta ó neamh, agus craithfidhthear subháilcidhe neimhe.
30 Ann sin do chífidhthear comhartha Mhic an duine ar neamh: agus ann sin caóifid treabha na talmhan uile, agus do chífid Mac an duine ag teachd a néullaibh neimhe maille ré cumhachdaibh agus ré glóir mhóir.
31 Agus cuirfidh sé a aingil le trompa agus lé guth mór, agus cruinneochuid síad a dháoine toghthasan ó na ceithre gáothaibh, ó leithimeal neimhe go soithe an leithimeal eile dhe.
32 Agus foghlomuidh cosamhlachd ón chrann fíge; A núair bhíos a ghéagmáoth, agus fhásas a dhuilleabhair, áitheantar gur ab fogas an samhradh:
33 Mar an gcéadna bíth a fhios agaibhsi, an tráth do chífidhe na neithisi uile, go bhfuil sé a ngar dháoibh, ann sna doirsibh.
34 A deirim ribh go firinneach, Nach racha an dínesi thoruinn nó go ndéantar na neithe si uile.
35 Rachuidh neamh agus talamh thort, achd ní rachuid mo bhríathrasa thort go bráth.
36 Achd ni bhfuil fios an láoi ná na húaire úd ag duine ar bith, ná fós, ag ainglibh neimhe, ach dag Mathairse amháin.
37 Agus amhuil laéthe Náoi, is mar sin bhías teachd Mhic an duine.
38 Oír mar do bhádar ann sna laéthibh ré udílínn ag ithe agus ag ol, ag pósadh ban agus ag tabhair ban dfearuibh, go soithe an lá an a ndeachuidh Naói a sdeach ann sa naírc,
39 Agus ni raibh a fhios aca nó go dtáiníc an díle, agus gur thógaibh sé lé íad uile; is mar sin bhías teachd Mhic an duine.
40 Béid días ar an machaire an tráthsin; géubhthar lé fear aca, agus fuighfidhthear an fear eile.
41 Béid díás ban ag méilt ann sa mhuileann; géubhthar lé mnáoi aca, agus fuigfidhthear an bhean eile.
42 Ar a nadhbharsin déanuidhsi faire: oír ní bhfuil a fhios agaibh gá húair thiocfas bhur Dtighearna.
43 Achd bíodh a fhios so agaibh, dá mbeath a fhios ag fear an tighe cía an úair a dtíocfadh an gaduidhe, go deimhin do dhéanadh sé faire, agus ní fhuileongadh sé a thigh do thochailt tríd.
44 Agus ar a nadhbharsin bíthísi ullamh: oír is ann sa núair nach sáoilti thiocfas Mac an duine.
45 Uime sin cía a tá na óglach fhírinneach ghlic, noch do chuir a thighearna ós cionn a mhuinntíre, do thabhair bídh dhóibh na am féin?
46 Is beannuighthe an tóglach úd, á bhfuighe a thighearna ag teachd, é dhá dhéanamh mar sin.
47 Go fírinneach a deirimsi ribh, Go gcuirfe sé os cionn a bhfuil aige é.
48 Achd má a deir an drochshearbhfoghantuidhe úd anna chroidhe, A tá mo thighearna ag cur a theachda a righneas;
49 Agus má thionnsgnann sé a chomhshearbhfhoghantuidhe féin do bhúaladh, agus fós bheith ag ithe agus ag ol a bhfochair luchd meisge;
50 Tiocfuidh tighearna a nógláoich úd ann sa lá nach bhfuil súil aige rís, agus ann sa núair nach bhfuil a fhios aige,
51 Agus roinnfidh sé é, agus do bhéara sé a chuid dó a bhfochair luchd an fhúarchrabhaidh: mar a mbía gul agus gíosgán fíacal.