Mhata 2 BEDELL

Caibidil II

Donoriugh na draaóithe Criosd; 14 Theigh Ióseph leis do Egipt, 16 agus mharbh Ioruaith na leanba.

1 Agus an tan do rugadh Iósa a Mbetleem thíre Iúdaighe a laithibh Iorúaith an rí, féuch, tangadar dráoithe ó naird shoir Híarusalem,

2 Ag rádh, Ga háit iona bhfuil an Rí úd na Niúduigheadh atá ar na bhreith? óir do chunncamaírne a réalt san aire shoir, agus tangamar dá onórughadh.

3 Achd an tráth do chuálaidh an rí Ioruath sín, do bhí sé ar na bhúaidhreadh, agus Iárusaleim uile maille ris.

4 Agus ar gcruinniughadh úachdarán na sagart uile dhó agus sgriobuidheagh an phubail, do fhíafruigh sé dhióbh, Cía a náit ann a mbéartháoi Chriosd.

5 Agus a dubhradarsan rís, A Mbeitleem thíre Iúdaighe: óir is mar so atá sé sgriobhtha ag an bhfaigh,

6 Agus tusa a Bhetleem, talamh Iúda, ní tú is Iugha eidir dhúibhcidhibh Iúdah: óir is asad thiocfas an Duibhce, sdúireóchus mo phubal Israel.

7 Agus an sinn do ghoir Iorúaith, na dráoithe ós íseal chuige, agus do fhíafruigh sé dhíobh go rougher cía a naimsear ionar foillsigheadh an réult.

8 Agus agá gcur go Beitleem dhó, a dubhairt sé, Imthige agus iárruigh an náoidhe go díthchiollach; agus tar eís a fhaghala dháoibh, innisigh dhamsa é, do chum go rachainnsi féin agus go dtiobhruinn onóir dhó.

9 Agus ar gcuinsin an rígh dhóibh do imthigheadar; agus, féuch, an réult, do chunncadar sa náird shoir, do chuáidh sé rompa, no go dtaínic sé agus gur chomhnuigh sé ós cionn a nionuid ann a raibh an náoidheanán.

10 Agus ar bhfaicsin na réilte dhóibh, do ghabh gáird gáirdeachus romhór iád.

11 Agus ar ndul a steach don tigh, fúaradar an náoidhe a bhfochair a mharthar Muire, agus ag tuitiom síos, do onóruigheadar é: agus an nosgladh a gcisdeagh, thugadar tiodhluicthe dhó: ór, agus túis agus mirr.

12 Agus ar bhfagháil teaguisg ó Dhía a naisling gan casadh dionsuighe Iorúaith, do fhilleadar a slighe eile da dtir féin.

13 Agus ar nimtheachd air a nais doibh, feach, do toibhreadh aingeal an Tighearna a mbrionglóid do Ióseph, ag radh, Eirigh ngus gabh anáoidheanán agus a mhathair chugad, agus teith do Néigipt, agus bi ann sin no go Iabhruidh misi riot: óir íarrfuidh Iorúaith an náoidhe do chum a mhillte.

14 Agus ar néirghe dhósan, do ghabh sé an náoidhe chuige agus a mathair ann sa noidhche, agus do imthigh sé do Néigipt:

15 Agus do bhí se ann sin go bás Iorúaith: do chum go gcoimhlíonfuighthe an ní a dubhairt an Tighearna leis an bhfaigh, a deir, Do ghoir mé mo mhac as a Néigipt.

16 Ann sín an tan do chonnairc Iorúaith, go ndearnadar na dráoithe fonómhad faoi, do las sé lé feirg, agus ar gcur úadh, do mharbh sé a raibh do leanbaibh-fear a Mbetleem, agus ann a teórannaibh uile, ó áois dhá mblíadhan nó fáoi, do reír na haimsire dfoghluim sé go dithchiollach ó na dráoithibh.

17 Is annsin do coimhliónadh an ní, a dubhairt Ieremías an fáigh, a deir,

18 Do chlos gurh a Ráma, cáoí, agus gul, agus úallfurtach romhór, Rachel a cáoineadh a cloinne, agus níor bháil le sólás do ghlacadh, tré nach rabhadar.

19 Agus an tan fúair Iorúaith bás, féuch, do toibhreadh aingeall an Tighearna a mbriónglóid do Ióseph sa Néigipt.

20 Ag rádh, Eírigh, gabh chugad an leanabh agus a mhathait, agus imthigh go talamh Israél: óir fúaradar an dream do bhí ag iárruidh anma an leinibh bás.

21 Agus do eírigh seisean, agus do ghabh sé an leanabh agus a mhathair chuige, agus tainic sé go talamh Israél.

22 Agus an tan do chúaluidh sé Archeláus do bheith na rí a ttír Iúdaighe a nionad Iorúaith a athar, do bhí eagla air dul innte: achd cheana, ar bhfagháil teaguisg ó Dhía dhó a mbriongloid, do iompóidh sé go críochaibh na Galilé:

23 Agus an tan thánic sé ann, do chomhnuigh sé sa gcathair dá ngoirthear Násaret: do chun go gcomhlíonfuidhthe an ní a dubhradh ris na fáighibh, Go ngoirfighe Nasardha dhe.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28