6 Achd a deirim ribh, Go bhfuil neach is mó na an teampoll ann so.
7 Agus da mbeith a fhios agaibh créd is cíall dó so, Is trócaire is aill leam, agus ní híodhbairt, ní dhaimnéochadh sibh na daóine neimhchiontacha.
8 Oír a sé Mac ann duine Tighearna na sabbóide féin.
9 Agus tar éis imtheachda as sin do, tháinic sé dá sionagóig súd.
10 Agus, féuch, do bhí duine an nag a raibh lamh sheargthuighe. Agus do fhiofruigheadar dhe, ag rádh, An ceaduightheach leigheas do dhéanamh annsa tsáoire, iónus go gcuirfidis cuis air.
11 Achd a dubhairt séisean ríu, Cía agaibhsi duine, agá mbíadh áoncháora a mháin, agus dá dtuiteadh sí air an tsaoire a bpoll, nach mbéaradh uirrthe, agus nach dtoigeabhadh a niós í?
12 A né nach mór is fear duine na cáora? Ar a nadhbharsin is ceaduightheach maith do dhéanamh air an tsáoire.