17 Oír a deirimsi ribh go fírinneach, Gur ab iomdha faidhe agus firéanuigh lé ar mhían na neithesi do chithisi dfaicsin, agus ní fhacada; agus na neither do chluinti do chloisdin agus ní chúaladar.
18 Air a nadhbharsin éisdigh ré cosamhlachd an tsíoladóra.
19 Coimhmionca agus éisdeas duine bríathar na ríoghachda, agus nach dtuigeann sé é, tig an droichspiorad, agus fúaduighe se an ní do cuireadh ann a chroidhe. Ag so an duine úd ann ar cuireadh an siol chois na slígheadh.
20 Agus an té úd ann ar cuireadh an síol a bhfearann chlochach, a sé sud an té do chluin an bhríathar, agus ghabhas chuige é do láthair maille re gáirdeachas;
21 Achd ní bhfuil fréamh aige ann féin, achd fanuidh sé ar feadh tamaill: agus an tan thig trioblóid nó búaidhreadh ar son na bréithre, air ball do gheibh sé oilbhéim.
22 Agus an neach úd ann ar cuireadh an síol a measg an mhuinigh ag so an té do chluin an bhríathar; agus múchaidh róchuram an tsaoghailsi, agus mealltóireachd an tsaidhbhris an bhríathar, agus bí sé gan toradh.
23 Agus an té úd ann ar cuireadh an síol a bhfearann maith a sé so an té do chluin, agus thuigeas an bhríathar; agus iomchras toradh, agus do bheir, cuid céud uiread, cuid trí fichid, agus cuid eile a deich fichead.