31 Do chuir sé cosamhlachd eile chuca, ag rádh, Is cosmhuil ríoghachd neimhe ré gráinne síol musdaird, do ghabh neach chuige, agus do chuir sé ann a fhearann:
32 A sé go deimhin as lúgha do na huile shíoltuibh: gidheadh an tan fhásas sé, a sé is mó do na luibheannaibh, agus do nithear crann de, ionnas go ttigid éanlaith a naiéir agus go ndéanaid a nid ann a ghéagaibh.
33 Do labhair sé cosamlachd eile ríu; as cosmhail rioghachd ueimhe ré laibhín do ghlac bean, agus do fholaigh sí a dtrí pheice mine, nó gur ghabh an tiomlán laibhín.
34 Do labhair Iósa na neithesi uile ris an bpubal a gcosamhlachdaibh; agus níor labhair sé ríu achd a gcosamhlachdaibh:
35 Do chum go gcoimhlíonfuidhthe an ní a dubhradh leis an bhfáidh, a deir, Oisgéoluidh mé mo bhéul tré chosamhlachdaibh; nochdfuidh me neither a tá foluighthe ó thosach an domhain.
36 Air léigean an tsuáigh úadh an tansin, tháinic Iósa a sdeach a dtigh: agus tangadar a dheisciobail chuige, ag rádh, Mínigh dhúinne cosamhlachd chogail an fhearainn.
37 Agus air bhreagra dhósan a dubhairt sé ríu, An té chuireas an síol maith a sé Mac an duine é;