39 Agus an námhaid do chuir é a sé an díabhal é; agus a sé an fóghmhar deireadh an tsáoghail; agus a said na búanuidhe na haingil.
40 Agus amhail mar chruinnighthear an cogal, agus loisgthear é lé teinidhe; is mar sin bhías a ndeireadh an tsoaghailsi.
41 Cuirfidh Mac an duine a aingil féin, agus cruinneochuid said as a rioghachd gach uile scannail, agus an dream do ní éagcóir;
42 Agus teilfid íad a núamhain air dearglasadh: mar a mbía gul agus gíosgán fiácal.
43 Soillséochaid na fíreanaigh an tansin mar an ngréin a riochachd a Nathar féin. Giodh bé agá bhfuilid clúasa chum eisdeachda, éisdeagh sé.
44 Mar an gcéudna, is cosmhail rioghachd neimhe lé cisde ar na fholach a bhfearann; noch tar éis a fhaghála, do fholuigh duine, agus tríd an ngáirdeachus do bhí air ar a shon imthighidh sé agus reacaidh sé a bhfuil aige uile, agus ceannuidhe sé an fearannsin.
45 A rís, is cosmhail ríoghachd neimhe le ceannuighe áirighthe, iárras clocha úaisle: