52 Agus a dubhairt seisean ríu, Ar a nadhbharsin gach uile sgrioba atá foghlomtha chum ná ríochachda nemhdha is cosmháil é ré fear tighe, do bheir as a chisde neither núadha agus sean.
53 Agus an tan do chríochnáigh Iósa na cosamhlachdasa, tárla dhó, gur fhág sé a náitsin.
54 Agus an tan tháinic sé dá dhuthuidh féin, do theagaisg sé íad ann a sionagóig, ionnas gur ghabh iongnadh mór íad, agus go ndubhradar, Cáit a bfhúair anfearso a neagnaso, agus ná subháilce?
55 A né nach é so mac an tsáoir? a ne nach dá mhathair ghoirthear Múire? a né nach íad a dhearbhraithreacha, Seúmas, agus Ióses, agus Símon, agus Iúdas?
56 Agus a né nach bhfuilid a dheirbhsheathracha uile éadruinne? Air a nadhbharsin cáit ann a bhfúair sé íad so uile?
57 Agus fúarardar óilbhéim annsan. Achd a dubhairt Iósa ríu, Ní bhfuil faidh fá neimhchion, achd ann a dhuthaidh féin, agus ann thigh féin.
58 Agus ní dhearnuidh sé mórán miorbhuileadh ann sin air son a míchreidimh.