6 Agus ar néirghe don ghréin, do dóidheadh é; agus ar son nach raibh fréumhaige, do shearg sé.
7 Agus do thuit cuid eile dhe eidi mhuineach; agus do éirghe an muineach súas, agus do mhuch sé é:
8 Agus do thuit cuid eile dhe a dtalamh mhaith, agus tug sé toradh, cuid céudeiread, cuid trí fichid uiread, cuid a deich fichead uiread.
9 Gidh bé agá bhfuillid clúasa chum éisdeachda, éisdeagh sé.
10 Agus tangadar a dheisciobuil chuige, agus a dubhradar ris, Créd fa labhrann tú riu a gcosamhlachduibh?
11 Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ríu, Do bhrígh gur ab daóibhsi tugadh fios rúindíomhra na ríoghachda neamhdha, do bheith agaibh, agus níor tugadh dhóibhsean é.
12 Oír giodh bé neach agá bhfuil ní, is dó do bhéarthar, agus biáidh go léor aige: achd giodh bé neach a tá gan ní, toígéabhthar úadh fós an ní a tá aige.